Nuair a bhí Mise Óg by Aoife Ní Fhearraigh
Nuair a bhí Mise Óg by Aoife Ní Fhearraigh

Nuair a bhí Mise Óg

Aoife Ní Fhearraigh * Track #4 On Aoife

Nuair a bhí Mise Óg Lyrics

Nuair a bhí mise óg, ó ba dheas is ba dóighiúil
A' scafaire stócaigh mé 'súil' na mban óg
Bhínn á mealladh 's á bpógadh is shiúlainn a' rod leo
'S bhínn carthanach cóir leo gan mhairg gan bhrón

Bhíodh rosca gach bruinnil' a' lasadh le loinnir
'S gach dealramh níos glinne le lúcháire romham
'S mo ghuthsa gur bhinne leo 'chluinstin sa chruinniú
Ná'n píobaire 'seinm ó mhaidin go neoin

Och, och, ar a' lá sin murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé 'mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte nach leigheastar go deo

'S iomaí bean álainn ó Chorcaigh go Málainn
A chaith seal ar láimh liom, mo chreach is mo léan
'S mé 'g imeacht gan ábhar arís is á bhfágail
Go cloíte lag cráite faoi leatrom leo féin

Thit mallacht gach duine acu 'bhfiormhullaigh 'n chinn orm
D'imigh mo bhláth 's níor fhan ribe ar mo mhaol
Ach mo sheanbhlagad feannta le síon is le haimsir
'Mo chréatúr a' drandán fá bhuaireamh a' tsaoil

Ach anois iarraim pardún go léir ar na staidmhná
'Bhí cineálta cairdiúil liom lá breá den tsaol
Ná táthar a' rá liom gur damnaithe 'tá me
'S nach dual domh go brách fáil go Flaitheas na Naomh

Ach an n-aidimse 'Dhia go mb'fhearr liom go síoraí
'Bheith 'n Ifreann na bPian i measc cairde mo chléibh
Ná bheith 'bhFlaithis in airde 'measc túitní cráifeach'
Nach dtuigfeadh a' cás a d'fhág mise faoi léan

Och, och, ar a' lá sin murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé 'mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte nach leigheastar go deo

Your Gateway to High-Quality MP3, FLAC and Lyrics
DownloadMP3FLAC.com