Cailín na Gruaige Báine by Aoife Ní Fhearraigh
Cailín na Gruaige Báine by Aoife Ní Fhearraigh

Cailín na Gruaige Báine

Aoife Ní Fhearraigh * Track #5 On Aoife

Cailín na Gruaige Báine Lyrics

Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir
'Mo thruaill bhocht gan siamsa 'tá mé
'S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoích'
Go buartha lag cloíte cráite

'Sí 'n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí
'S níl suairceas a choíce i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi go luath 'dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine

'S í bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh
Le háilleacht le méid 's le breáchta
'Sí d'fhág mé faoi léan, 'sí chráigh mé gan bhréig
'Gus tá 'fhios ag Mac Dé mo chás-sa

Dá bhfhaighinnse mo rogha, ó b'ansa liom é
Bheith ar láimh leis a' speirbhean álainn
'S ní náire ar bith liom é nó 's í grá geal mo chléibh
Mo chailín na gruaige báine

Dá dtigeadh sí aris ar cuairt chun mo thí
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
'S níl áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm
Ach cead 'fháil mo shaol a chaitheamh léi

Nach trua mise 'smaointiú go domhain in mo chroí
Nach bhfeicim arís go brách í
Taím buartha bocht faoi chian is ní mhairfead beo bliain
Gan cailín na gruaige báine

Cailín na Gruaige Báine Q&A

Who wrote Cailín na Gruaige Báine's ?

Cailín na Gruaige Báine was written by Traditional.

Your Gateway to High-Quality MP3, FLAC and Lyrics
DownloadMP3FLAC.com