Mná na h-Éireann by Nolwenn Leroy
Mná na h-Éireann by Nolwenn Leroy

Mná na h-Éireann

Nolwenn Leroy * Track #7 On Bretonne

Mná na h-Éireann Lyrics

Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil
Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha I gcré is mo thárr faoi fhód

Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin

Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór
Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól

Your Gateway to High-Quality MP3, FLAC and Lyrics
DownloadMP3FLAC.com