Fiach An Mhadra Rua by Danú
Fiach An Mhadra Rua by Danú

Fiach An Mhadra Rua

Danú * Track #8 On Ten Thousand Miles

Fiach An Mhadra Rua Lyrics

[Verse 1]
Lá breá aoibhinn ar fiar an tsléibhe ‘muigh
Do bhí mór-uaisle na dtrí chontae ann;
Do chuireamar ár ngadhair go cruinn lena chéile
‘Gus siúd amach an madra ‘gus leanamar go léir é

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Verse 2]
Lá Nollag Beag cuireadh deireadh leis an saoire
‘S do scaoileamar ár ngadhair go meanmnach meidhreach
Amach fé’s na garbh-chnoic bhí tarrac ar an reynard
‘S ó thuaidh chun Luimnigh ‘sea thug sé aghaidh uainn

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Verse 3]
Bhí Mister Wolfe ann ó Mhóin Éile
Is Morgan Rattler ‘na dhiaidh ar saothar
Ó Maigh Chromtha bhí Hedges agus Grainger
Is Captaen Bull is gan snáth dá léin’ air

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Interlude]

[Verse 4]
Bhí na Paoraigh ó Cheapach Chuinn ann
Is Arthur Russell ón mBántír ann;
Bhí na Faoitigh ó Bheanntraí ann
Is Roddy Arthur is a Leangóilí ann

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Verse 5]
Bhí Mr. Jeffers ó Ard Dhrom ann
Is Cormac Colthurst ó Chaisleán na Blárnan
Ó Charraig na bhFear bhí Carthy Spáinneach
Is Colonel Oliver ó Chill Eidhneán ann

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Interlude]

[Verse 6]
Nuair a chuamar ar an dtalamh a bhí i mbarra Claise Móire
D’iompaigh sé ar an gcaladh mar ar stadadar na huaisle
Ar a chasadh dhó sa bhfarraige bhí na gadhair ag teacht suas leis
Is tallyho ag Cnaid is é ag snámh tríd an mórmhuir

[Chorus]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

[Verse 7]
Do tharraing sé leis ins na h-áird ó thuaidh sinn
Chun Abha Tí an Uain is chun calaidh Droma Muaire
Aníos Ceapadh Chuinn is trí shráid na Leasa Muaire
‘Gur chuireamar i dtalamh é i mBarra Sliabh Luachra

[Outro]
San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am
Reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am

Fiach An Mhadra Rua Q&A

Who wrote Fiach An Mhadra Rua's ?

Fiach An Mhadra Rua was written by Traditional.

Who produced Fiach An Mhadra Rua's ?

Fiach An Mhadra Rua was produced by Danú.

When did Danú release Fiach An Mhadra Rua?

Danú released Fiach An Mhadra Rua on Mon Jan 01 2018.

Your Gateway to High-Quality MP3, FLAC and Lyrics
DownloadMP3FLAC.com